Ainm: | Charlie Mac Loingsigh | |
Áit Chónaithe: | Cill Ráin, An Clochán |
Áit Dúchais: | Cill Ráin, An Clochán |
Catagóir: | Cluichí agus Caitheamh Aimsire |
Fochatagóir: | Amhránaíocht |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Amhrán a d’fhoghlaim sé ó Johnny Willie a rá ag Cathal – Sláinte na nGael agus a sheanchas. Measann Cathal gur cheart féile a bheith ann mar ómós do Johnny ach go bhfuil na daoine a raibh aithne acu air ar shlí na fírinne anois. | 00:05:37 | |
“Johnston’s Motorcar” – Seanchas cruinn fá amhrán a chum Willie Gillespie as Bealach Féich faoi ghluaisteán an Dochtúir Johnston a raibh cónaí air in Srath an Urláir. Rinne Henry Mc Gowan a bhí i gceannas ar na hÓglaigh plean go ndéanfadh siad carr an Dochtúir Johnston a fhuadach. Ní raibh na teileafóin fairsing san am agus mar sin rinne siad plean go gcuirfeadh siad teileagram as Oifig an Phoist an Bhrocaigh ag inse go raibh scairt práinneach don dochtúir i gceantar an Chlocháin. D’imigh an dochtúir ag sodar ach rinne na hÓglaigh luíochán air i gceantar dhroichid an Rialainn agus thug leo an carr a thug na Chlocháin Liath iad agus rinne luíochan ar na Dubhchrónaigh.
Deir Cathal an dán. | 00:13:12 | |